27 Óir is mar seo a deir an Tiarna:“Scriosfar an tír ar fad,cuirfidh mise críoch leis den turas deireanach;
28 Is uime seo a chaoinfidh an talamhagus éireoidh na spéartha thuas dubh.Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham,ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”
29 Leis an scairt: “Marcshlua agus boghdóirí”teitheann an tír ar fad;tugann dream amháin na doirí orthu,dreapann dream eile suas ar na creaga;tréigtear [an tír uile],ní fhágtar duine ann.
30 Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh?Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid,go maisíonn thú féin le hornáidí órga,go léiríonn do shúile le dathú,is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach.Tarcaisníonn d'aos grá thú,is é do bhás a shantaíonn siad.
31 Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann,íona na mná a bheireann a céad leanbh;is é screadaíl iníon Shíón é,a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach:“Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”