3 Óir is mar seo a deir an Tiarnale fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim:“Glanaigí go maith bhur bhfearann branair,ná síolchuirigí i measc spíonta.
4 Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna,bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí,(a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim),ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine,agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh,mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.
5 Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim!Séidigí an stoc faoin tuaith,fógraígí os ard agus abraigí:‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’
6 Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón;teithigí, ná déanaigí moill!Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart,milleadh mór.
7 Tá an leon aníos óna dhoire,tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí,tá sé tagtha óna bhailechun do fhearann a bhánú.Déanfar conamar de do bhailtegan duine ná deoraí iontu.
8 Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach,caoinigí agus uailligí,mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn.
9 An lá sin - is é an Tiarna a labhraíonn -clisfidh croí an ríagus croí na bprionsaí mar an gcéanna;beidh uafás ar na sagairt,beidh mearbhall ar na fáithe.”