1 Ach nuair a bhí briathra uile an Tiarna a nDia, ráite ag Irimia leis an bpobal uile, ar chuir an Tiarna chucu é, is é sin na briathra seo thuas,
2 labhair Azairiá mac Hóisiá, agus Ióchánán mac Cháiréach agus na fir uaibhreacha shéantacha sin uile le hIrimia agus dúirt: “Thug tú d'éitheach! Ní hé an Tiarna ár nDia a chuir thú á rá: ‘Ná téigí don Éigipt a chónaí ann.’
3 Ach is é Barúch mac Néiria a bhrostaíonn thú in ár n‑aghaidhne i gcónaí, dár dtabhairt i láimh na gCaildéach, le go gcuirfidís chun báis sinn, nó go mbéarfaidís ina láimh don Bhablóin sinn!”
4 Ainneoin sin, níor umhlaigh Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm agus an pobal uile do ghlór an Tiarna fanacht i dtír Iúdá.
5 Ach rug Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm leo fuíoll uile Iúdá, a d'fhill ó gach uile chríoch inar díbríodh iad, a chónaí i dtír Iúdá,
6 idir fhir agus mhná agus leanaí agus iníonacha an rí freisin, agus gach duine a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram ag Aichíceám mac Sheáfán; thug siad leo freisin Irimia fáidh agus Barúch mac Néiria.
7 Mar sin, ar neamhchead do ghlór an Tiarna bhain siad críoch na hÉigipte amach agus tháinig go Tachpanaes.