3 Ach is é Barúch mac Néiria a bhrostaíonn thú in ár n‑aghaidhne i gcónaí, dár dtabhairt i láimh na gCaildéach, le go gcuirfidís chun báis sinn, nó go mbéarfaidís ina láimh don Bhablóin sinn!”
4 Ainneoin sin, níor umhlaigh Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm agus an pobal uile do ghlór an Tiarna fanacht i dtír Iúdá.
5 Ach rug Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm leo fuíoll uile Iúdá, a d'fhill ó gach uile chríoch inar díbríodh iad, a chónaí i dtír Iúdá,
6 idir fhir agus mhná agus leanaí agus iníonacha an rí freisin, agus gach duine a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram ag Aichíceám mac Sheáfán; thug siad leo freisin Irimia fáidh agus Barúch mac Néiria.
7 Mar sin, ar neamhchead do ghlór an Tiarna bhain siad críoch na hÉigipte amach agus tháinig go Tachpanaes.
8 Tháinig briathar an Tiarna go Irimia i dTachpanaes.
9 “Tóg clocha móra i do lámha, agus i radharc mhuintir Iúdá folaigh iad i gcré [na faiche] atá ag dul isteach pálás Fhorainn i dTachpanaes.