5 Ach rug Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm leo fuíoll uile Iúdá, a d'fhill ó gach uile chríoch inar díbríodh iad, a chónaí i dtír Iúdá,
6 idir fhir agus mhná agus leanaí agus iníonacha an rí freisin, agus gach duine a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram ag Aichíceám mac Sheáfán; thug siad leo freisin Irimia fáidh agus Barúch mac Néiria.
7 Mar sin, ar neamhchead do ghlór an Tiarna bhain siad críoch na hÉigipte amach agus tháinig go Tachpanaes.
8 Tháinig briathar an Tiarna go Irimia i dTachpanaes.
9 “Tóg clocha móra i do lámha, agus i radharc mhuintir Iúdá folaigh iad i gcré [na faiche] atá ag dul isteach pálás Fhorainn i dTachpanaes.
10 Ansin abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tá mé ag cur fios ar Nabúcadnazar, rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; cuirfidh sé a ríchathaoir ar na clocha seo a d'fholaigh mé, agus leathnóidh sé a phailliún ríoga os a gcionn.
11 Tá sé ag teacht chun tír na hÉigipte a bhualadh:An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá;an mhéid faoi choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais;an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh!