Irimia 44:11-17 ABN

11 “Dá bhri sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Anois cuirfidh mise m'aghaidh in bhur n‑aghaidhse chun oilc, agus do dhíothú Iúdá uile.

12 Scriosfaidh mé fuíoll Iúdá a thug a n‑aighthe a dhul go tír na hÉigipte chun cónaí ansin; éagfaidh siad uile i dtír na hÉigipte; titfidh siad leis an gclaíomh nó díothófar iad leis an ngorta, ó bheag go mór éagfaidh siad leis an gclaíomh agus leis an ngorta; beidh siad ina mallú agus ina n‑uafás, ina mallacht agus ina gceap magaidh.

13 Smachtóidh mise an dream a chónaíonn i dtír na hÉigipte chomh dian céanna agus a smachtaigh mé Iarúsailéim, leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.

14 De fhuíoll Iúdá a chuaigh go dtí an Éigipt chun cónaí ann, ní rachaidh as agus ní mhairfidh beo aon duine chun filleadh go tír Iúdá mar a bhfuil fonn orthu cónaí aris. Ní fhillfidh aon duine díobh, ach dornán beag dídeanach.’ ”

15 Ansin gach uile fhear dá raibh a fhios aige gur loisc a bhean chéile túis do dhéithe eachtrannacha, agus an uile bhean dár sheas ina bhfochair, comhthionól mór (mar aon leis na daoine uile a chónaíonn i bPatros, i dtír na hÉigipte), d'fhreagair siad Irimia, á rá:

16 “Níl aon rún againn éisteacht leis an bhfocal seo a labhair tú linne in ainm an Tiarna,

17 ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n‑aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc.