15 Ansin gach uile fhear dá raibh a fhios aige gur loisc a bhean chéile túis do dhéithe eachtrannacha, agus an uile bhean dár sheas ina bhfochair, comhthionól mór (mar aon leis na daoine uile a chónaíonn i bPatros, i dtír na hÉigipte), d'fhreagair siad Irimia, á rá:
16 “Níl aon rún againn éisteacht leis an bhfocal seo a labhair tú linne in ainm an Tiarna,
17 ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n‑aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc.
18 Ach ón uair ar éiríomar as túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus íobairtí dí a dhoirteadh amach di, tá easpa gach ní orainn, agus maraíodh sinn leis an gclaíomh nó leis an ngorta.”
19 [Agus dúirt na mná] “Nuair a loscaimid túis do Bhanríon Neimhe agus nuair a dhoirtimid amach a híobairtí dí, an dóigh leat gur ag déanamh bairíní lena híomhá orthu agus ag doirteadh a híobairtí dí atáimid gan fhios dár bhfir chéile?”
20 Ansin dúirt Irimia leis an bpobal uile, idir fhir agus mhná, iad siúd a thug an freagra sin air:
21 “An túis a loisc sibh i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, sibh féin, bhur n‑aithreacha, bhur ríthe, bhur dtaoisigh, agus muintir na tíre - nár chuimhnigh an Tiarna air sin, nach é a tháinig ina intinn?