23 Mar gur loisc sibh tús, mar gur pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna, agus nár umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna, nár shiúil ina dhlí, ina reachta ná ina fhianaise - sin é is cúis leis an anró atá oraibh inniu.”
24 Dúirt Irimia ansin leis an bpobal uile, agus go háirithe leis na mná: “Éistigí le briathar an Tiarna (a Ghiúdacha uile i dtír na hÉigipte).
25 Mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Sibhse, a mhná an rud a gheall bhur mbéal, is ceart go gcriochnóidh bhur lámha go cinnte! Dúirt sibh: Comhlíonfaimid go deimhin na móideanna a thugamar chun túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus chun íobairtí dí a dhoirteadh di. Tá go maith, comhlíonaigí bhur móideanna, doirtigí bhur n‑íobairtí!
26 Ach éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a Ghiúdacha uile, a chónaíonn i dtír na hÉigipte: Tugaimse mionna faoi m'ainm mór a deir an Tiarna, nach n‑ainmneofar m'ainm níos mó i mbéal aon duine ar bith de Iúdá i gcríocha uile na hÉigipte; ní déarfaidh duine: Go maire an Tiarna Dia.
27 Féach, beidh mise ag faire os a gcionn, ní ar mhaithe leo, ach chun a n‑aimhleasa; marófar an uile fhear de Iúdá atá san Éigipt, leis an gclaíomh nó leis an ngorta, go mbeidh deireadh leo.
28 Mar sin féin, an uimhir bheag a rachaidh as an gclaíomh fillfidh siad ó chríocha na hÉigipte go tír Iúdá. Agus fuíoll Iúdá uile a chuaigh go tír na hÉigipte chun cónaí ann, aithneoidh siad ansin cé leis na focail a fhíorfar, liomsa nó leosan.
29 Agus seo daoibh an comhartha - is é an Tiarna a labhraíonn - go bhfuil ar intinn agam sibh a smachtú san áit seo, le go n‑aithneodh sibh go bhfuil mo fhocail bhagartha ag seasamh go deimhin in bhur n‑aghaidh.