4 Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile,ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodóna lucht taca ar fad.Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach,an fuíoll as Inis Chaftór.
5 Ceann bearrtha ar Ghaza!Sost ar fud Aiscileon!Aisdeod, a bhfuil fágtha de Anácaím,cá fhad a ghearrfaidh tú thú féin?
6 Ó, a chlaíomh an Tiarna,Cá fhad go mbeidh tú suaimhneach?Isteach leat i do thruaill,éirigh as, bí socair!
7 Conas is féidir dó a bheith suaimhneachó thug an Tiarna ordú dó?In éadan Aiscileon agus bord na farraige,is chucusan a d'ordaigh sé é.”