1 I dtaobh Mhóáb: Is mar seo a deir an Tiarna na Slua, Dia Iosrael:“Is mairg do Neabó, óir tá sé airgthe;gabhadh Ciriataím,níl istigh ann ach mearbhall agus scéin.
2 Ní ábhar maíte é ag Móáb a thuilleadh!bheartaigh siad a bhriseadh ag Heisbeon:‘Tagaigí! gearraimis amach é ó bheith ina chine!’Gearrfar síos thusa freisin, a Mhadmaen,ní fada uait an claíomh.
3 Éist! Scairt ó Abáraím anall:‘Creachadh! Anachain mhór!’
4 ‘Tá briste ar Mhóáb’;cluintear an guth chomh fada le Zoar.
5 Ag dul suas fána Lúichít dóibh, caoineann siad.Ag dul síos Horónaím cluintear gol:
6 ‘Imígí! Teithigí le bhur n‑anamacha!Rithigí ar nós na n‑asal bhfiáin san fhásach!’
7 Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidretógfar thusa freisin i láimh.Rachaidh Camóis i mbraighdeanasmar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.