10 (“Gura mallaithe an té a dhéanann obair an Tiarna go leamh. Gura mallaithe an té a choinneoidh a chlaíomh ar ais ó fhuil!)
11 Bhí Móáb i suaimhneas óna óige;shuigh sé ar a mhoirt;níor folmhaíodh é ó shoitheach go soitheach;níor chuaigh riamh i mbraighdeanas;uime sin choinnigh sé a bhlas dílis féin,níor aistríodh a bholadh.
12 “Mar sin tá na laethanta atá ag teacht - is é an Tiarna a labhraíonn - a gcuirfidh mise ruagairí chuige a dhéanfaidh é a aistriú; folmhóidh siad a shoithí agus brisfidh i smidiríní a bhuidéil.
13 Beidh náire ar Mhóáb ansin faoi Chamóis, mar a bhí ar theach Iosrael faoi Bhéitéil a ndóchas.
14 Conas a deir sibhse: ‘Is fir chumhachtacha sinne,agus réidh chun cogaidh’?
15 Tháinig scriosadóir Mhóáb anuas air;chuaigh togha a dhaoine óga síos chun an áir.
16 Ní fada i gcéin anois ainnise Mhóáb;deifríonn sí ar luas a anachaine.