14 Conas a deir sibhse: ‘Is fir chumhachtacha sinne,agus réidh chun cogaidh’?
15 Tháinig scriosadóir Mhóáb anuas air;chuaigh togha a dhaoine óga síos chun an áir.
16 Ní fada i gcéin anois ainnise Mhóáb;deifríonn sí ar luas a anachaine.
17 Sibhse a chónaíonn in aice leis, golaigí ar a shon,sibhse uile arbh eol daoibh a ainm.Abraigí: ‘Cé mar a briseadh an bata láidir sin,an ríshlat bhreá sin!’
18 Tar anuas ó do ghlóir, suigh san [aoileach],a iníon a chónaíonn i nDíobón, slán sábháilte sa bhaile;tá scriosadóir Mhóáb tagtha ort;tá do dhaingin tógtha aige.
19 A lucht cónaithe Aroéir, seasaigí sa tslí, déanaigí faire.Fiafraígí den teifeach, den té i mbun reatha,fiafraígí: ‘Céard a tharla?’
20 Tá Móáb briste agus náirithe.Uailligí agus éimhigíScairtigí thar Amón anonngur creachadh Móáb.