19 A lucht cónaithe Aroéir, seasaigí sa tslí, déanaigí faire.Fiafraígí den teifeach, den té i mbun reatha,fiafraígí: ‘Céard a tharla?’
20 Tá Móáb briste agus náirithe.Uailligí agus éimhigíScairtigí thar Amón anonngur creachadh Móáb.
21 “Tá breithiúnas tagtha freisin ar an Aichréidh, ar Holón, Iazá, Maefát,
22 Díobón, Neabó, Béit Dibleataím,
23 Ciriataím, Béit Gámúl, Béit Meón,
24 Ciriót, Bozrá, agus ar bhailte uile thír Mhóáb, i bhfad agus i ngearr.
25 Baineadh a adharc de Mhóáb,agus briseadh a ghéag- an Tiarna a labhraíonn.