26 “Cuir ar meisce é! Mhóraigh sé é féin in éadan an Tiarna; beidh Móáb ag únfairt ina sceathrach féin; beidh sé fós ina cheap magaidh.
27 Nach raibh Iosrael ina mhagadh agatsa? Ar gabhadh é i measc gadaithe, le go mbeifeása ag croitheadh do chinn nuair a luann tú a ainm?
28 Fágaigí na bailte, cuirigí fúibh sna creaga,a áitritheoirí Mhóáb.Foghlaimígí ón gcolm a dhéanann a neadi mbéal na haille.
29 Chualamar faoi uabhar Mhóáb;tá sé ró-uaibhreach!A leithéid de mhóracht! de dhíomas! d'éirí in airde!de mhóiréis chroí!
30 Is feasach domsa a theanntás- an Tiarna a labhraíonn -a mhaíomh díomhaoin,agus an mórtas baoth a dhéanann sé!
31 Ar an ábhar sin uaillimse ar son Mhóáb,golaim ar son Mhóáb uile,agus caoinim fir Chír Heireas.
32 Golaim ar do shon níos mó ná ar son Iazaer,a fhíniúin Shuibmeá;shín do chuid buinní thar farraige,an bealach ar fad go Iazaer.Tá an scriosadóir tagtha ar do thorthaí fómhair,ar thorthaí d'fhíniúna.