31 Ar an ábhar sin uaillimse ar son Mhóáb,golaim ar son Mhóáb uile,agus caoinim fir Chír Heireas.
32 Golaim ar do shon níos mó ná ar son Iazaer,a fhíniúin Shuibmeá;shín do chuid buinní thar farraige,an bealach ar fad go Iazaer.Tá an scriosadóir tagtha ar do thorthaí fómhair,ar thorthaí d'fhíniúna.
33 Sciobadh gairdeachas agus lúcháir ó thír Mhóáb.Deoir níl fágtha sna cantaoirí fíona,níl an fómharaí fíona ag pasáil a thuilleadh:ar ghlórtha gealgháireacha tá múchadh tagtha.
34 “Tá éamh Heisbeon agus Eileálae le clos i Iahaz. Téann an screadach ó Zoar go Horónaím agus Eaglat Silísia, óir tá uiscí Nimrím ag éirí uaigneach anois.
35 Agus cuirfidh mise deireadh - an Tiarna a labhraíonn - le haon fhear i Móáb a ofrálann íobairt agus túis dá dhia sna háiteanna arda.
36 Sin é an fáth a bhfuaimníonn mo chroí ar nós píobáin ar son Mhóáb, a bhfuaimníonn sé ar nós píbe ar son muintir Chír Heireas: de bhrí go ndeachaigh an saibhreas mór sin amú.
37 Sea, tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg gearrtha, tá scoradh ar na lámha uile, sacéadach ar na leasracha uile.