34 “Tá éamh Heisbeon agus Eileálae le clos i Iahaz. Téann an screadach ó Zoar go Horónaím agus Eaglat Silísia, óir tá uiscí Nimrím ag éirí uaigneach anois.
35 Agus cuirfidh mise deireadh - an Tiarna a labhraíonn - le haon fhear i Móáb a ofrálann íobairt agus túis dá dhia sna háiteanna arda.
36 Sin é an fáth a bhfuaimníonn mo chroí ar nós píobáin ar son Mhóáb, a bhfuaimníonn sé ar nós píbe ar son muintir Chír Heireas: de bhrí go ndeachaigh an saibhreas mór sin amú.
37 Sea, tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg gearrtha, tá scoradh ar na lámha uile, sacéadach ar na leasracha uile.
38 Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine - an Tiarna a labhraíonn.
39 Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?”
40 Óir is mar seo a deir an Tiarna:“(Féach, eitlíonn sé ar nós iolair,agus leathnóidh sé a sciatháin os cionn Mhóáb.)