38 Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine - an Tiarna a labhraíonn.
39 Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?”
40 Óir is mar seo a deir an Tiarna:“(Féach, eitlíonn sé ar nós iolair,agus leathnóidh sé a sciatháin os cionn Mhóáb.)
41 Tógfar i láimh na bailte,beidh seilbh ar na háiteanna daingne.(“Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)
42 Scriosfar Móáb ó bheith ina phobal,mar gur mhéadaigh sé é féin in éadan an Tiarna.
43 Tá an scéin, an poll, an gaiste i ndán duit,a áitreabhaigh Mhóáb- an Tiarna a labhraíonn.
44 An té a theitheann ón scéin,titfidh sé isteach sa pholl;ag dreapadh aníos as an bpoll dótógfar sa ghaiste é.Sea, sin iad [na sciúirsí] a bhuailfidh mé ar Mhóábi mbliain a chuardaithe- an Tiarna a labhraíonn.