5 Ag dul suas fána Lúichít dóibh, caoineann siad.Ag dul síos Horónaím cluintear gol:
6 ‘Imígí! Teithigí le bhur n‑anamacha!Rithigí ar nós na n‑asal bhfiáin san fhásach!’
7 Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidretógfar thusa freisin i láimh.Rachaidh Camóis i mbraighdeanasmar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.
8 Tiocfaidh an scriosadóir ar gach uile bhaile,ní rachaidh aon duine slán;creachfar an gleann, scriosfar an machaire;fógraíonn an Tiarna é!
9 Tabhair tuama do Mhóáb,óir tá sé scriosta go hiomlán;tá a bhailte uaigneach,gan aon duine ina chónaí iontu.
10 (“Gura mallaithe an té a dhéanann obair an Tiarna go leamh. Gura mallaithe an té a choinneoidh a chlaíomh ar ais ó fhuil!)
11 Bhí Móáb i suaimhneas óna óige;shuigh sé ar a mhoirt;níor folmhaíodh é ó shoitheach go soitheach;níor chuaigh riamh i mbraighdeanas;uime sin choinnigh sé a bhlas dílis féin,níor aistríodh a bholadh.