1 Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim,féach anois, agus bíodh a fhios agat,cuardaigh a cearnóga;má éiríonn leat fear a fháil,oiread agus fear a dhéanann an ceartagus a iarrann an fhírinne,tabharfaidh mise ansin maithiúnas di,[a deir an Tiarna].
2 Ach bíodh go n‑abrann siad: “Go maire an Tiarna,”ina dhiaidh sin mionnaíonn siad go bréagach.
3 A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne?Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu.Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú.Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig.Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
4 “Is iad na miondaoine amháin nach bhfuil aon chiall acu,”arsa mise, “mar níl a fhios acu slí an Tiarna,ná reacht a nDé.
5 Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acuagus labharfaidh mé leo,óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.”Ach bhí an chuing briste,na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.
6 Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad,go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu,go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte;cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é -mar is do-áirithe a gcionta,is ag dul i méid atá a séanadh.