11 Go deimhin is go fealltach a d'fheall sí orm,an teach seo Iosrael - an Tiarna a labhraíonn.
12 Shéan siad an Tiarna; dúirt siad: ‘Ní dhéanfaidh sé dada;ní thiocfaidh aon olc chugainn,claíomh ná gorta ní fheicfimid.
13 Níl na fáithe ach ag cur gaoithe,níl an briathar iontu.’
14 Ar an ábhar sin - a deir an Tiarna, Dia na Slua -Is mar seo a dhéanfar leoas ucht é sin a rá:déanfaidh mise m'fhocail ina thine ar do bhéal,agus an pobal seo ina bhrosna,le go loscfaidh an tine iad.
15 Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéina theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn -is náisiún dochloíte é, náisiún seanda,náisiún nach aithnid duitse a theanga,ní thuigeann tú focal a deir siad.
16 Tá a mbolgán saighead amhail uaigh oscailte;is laochra cróga iad uile.
17 Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán,slogfaidh siad do mhic agus d'iníonacha,slogfaidh do thréada agus do shealbháin,d'fhíniúna agus do chrainn figí,scriosfaidh siad do bhailte daingneina bhfuil do dhóchas.