19 Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ”
20 Foilsígí é seo i dteach Iacóib, fógair é in Iúdá, á rá:
21 “Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint,- ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann,cluasa agus nach gcluineann.
22 Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa?- an Tiarna a labhraíonn -An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse,mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige,ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis;tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua,tonngháireann siad, níl dul thairis acu.
23 Ach tá croí ainrianta, easumhal ag an bpobal seo;d'éirigh siad amach - is maith chuige sin iad!
24 Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn;tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil,coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’
25 Thóg bhur gcionta nithe maithe uaibh,ghiorraigh bhur bpeacaí na fabhair seo.