21 “Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint,- ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann,cluasa agus nach gcluineann.
22 Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa?- an Tiarna a labhraíonn -An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse,mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige,ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis;tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua,tonngháireann siad, níl dul thairis acu.
23 Ach tá croí ainrianta, easumhal ag an bpobal seo;d'éirigh siad amach - is maith chuige sin iad!
24 Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn;tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil,coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’
25 Thóg bhur gcionta nithe maithe uaibh,ghiorraigh bhur bpeacaí na fabhair seo.
26 Is ea, tá drochdhaoine le fáil i measc mo phobail;spréann siad a líonta;fearacht éanairí cuireann siad dol,agus gabhann daoine.
27 Mar a bheadh cliabhán ann lán d'éanlaithamhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach;d'éirigh siad mór agus saibhir dá bharr,