27 Mar a bheadh cliabhán ann lán d'éanlaithamhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach;d'éirigh siad mór agus saibhir dá bharr,
28 d'éirigh siad méith agus sleamhain.Go deimhin níl teorainn leo le holcas,níl meas acu ar an gceart,ní trua leo cás an dílleachta,cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad.
29 An é nach gcaithfidh mé nithe dá shórt a chúiteamh leo- an Tiarna a labhraíonn -ná mo dhíoltas a agairtar a leithéid seo de náisiún?”
30 Tá nithe aduafara, uafásacha á ndéanamh sa tír;
31 tairngreann na fáithe go bréagach,teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin.Agus is maith le mo phobal é.Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?