3 A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne?Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu.Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú.Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig.Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
4 “Is iad na miondaoine amháin nach bhfuil aon chiall acu,”arsa mise, “mar níl a fhios acu slí an Tiarna,ná reacht a nDé.
5 Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acuagus labharfaidh mé leo,óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.”Ach bhí an chuing briste,na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.
6 Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad,go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu,go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte;cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é -mar is do-áirithe a gcionta,is ag dul i méid atá a séanadh.
7 “Cad chuige go maithfinn duit é?Thréig do chlann mhac mé,agus mhionnaigh siad i ndéithe nach déithe iad in aon chor.Choinnigh mé bia leo, agus ghabh siad le hadhaltranas.Ghnáthaigh siad tithe na meirdreach.
8 Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe,gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan.
9 An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn -nach n‑agróidh mise mo dhíoltasar a leithéid seo de náisiún?