6 Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad,go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu,go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte;cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é -mar is do-áirithe a gcionta,is ag dul i méid atá a séanadh.
7 “Cad chuige go maithfinn duit é?Thréig do chlann mhac mé,agus mhionnaigh siad i ndéithe nach déithe iad in aon chor.Choinnigh mé bia leo, agus ghabh siad le hadhaltranas.Ghnáthaigh siad tithe na meirdreach.
8 Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe,gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan.
9 An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn -nach n‑agróidh mise mo dhíoltasar a leithéid seo de náisiún?
10 Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí!Críochnaígí ar fad í!Bainigí anuas di a briongláin,ní leis an Tiarna iad.
11 Go deimhin is go fealltach a d'fheall sí orm,an teach seo Iosrael - an Tiarna a labhraíonn.
12 Shéan siad an Tiarna; dúirt siad: ‘Ní dhéanfaidh sé dada;ní thiocfaidh aon olc chugainn,claíomh ná gorta ní fheicfimid.