9 An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn -nach n‑agróidh mise mo dhíoltasar a leithéid seo de náisiún?
10 Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí!Críochnaígí ar fad í!Bainigí anuas di a briongláin,ní leis an Tiarna iad.
11 Go deimhin is go fealltach a d'fheall sí orm,an teach seo Iosrael - an Tiarna a labhraíonn.
12 Shéan siad an Tiarna; dúirt siad: ‘Ní dhéanfaidh sé dada;ní thiocfaidh aon olc chugainn,claíomh ná gorta ní fheicfimid.
13 Níl na fáithe ach ag cur gaoithe,níl an briathar iontu.’
14 Ar an ábhar sin - a deir an Tiarna, Dia na Slua -Is mar seo a dhéanfar leoas ucht é sin a rá:déanfaidh mise m'fhocail ina thine ar do bhéal,agus an pobal seo ina bhrosna,le go loscfaidh an tine iad.
15 Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéina theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn -is náisiún dochloíte é, náisiún seanda,náisiún nach aithnid duitse a theanga,ní thuigeann tú focal a deir siad.