19 Ní cosúil leo siúd ‘Roinn Iacóib’,óir is é cruthaitheoir an uile ní é,agus is é Iosrael treibh a oidhreachta.Tiarna na Slua is ainm dó.”
20 “Ba thú mo thua catha, mo arm cogaidh.Is leatsa a threascair mé na náisiúin,a leag mé na ríochtaí.
21 Agus is leat a shín mé an t‑each agus an marcach,an carbad agus an carbadóir;
22 is leat a leag mé fear agus bean, óg agus aosta,an t‑ógánach agus an cailín,
23 is leat a bhris mé an t‑aoire agus an tréad,an treabhadóir agus a sheisreachna huaisle agus na fir cheannais.
24 “Ach foilseoidh mé duit conas a chúiteoidh mé leis an mBablóin agus le háitritheoirí uile Chaildéa gach olc dá ndearnadar do Shíón. Is é an Tiarna a labhraíonn.
25 Is leatsa a dhéanaim achrann,a shliabh mhilltigh,- an Tiarna a labhraíonn -a mhilleann an talamh uile!Sínfidh mé amach mo lámh i d'aghaidh,agus tiomáinfidh mé anuas as na creaga thúagus déanfaidh mé sliabh loiscthe díot.