16 “Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat.
17 Nach bhfeiceann tú céard tá á dhéanamh acu i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim?
18 Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile.
19 An ormsa dáiríre a dhéanann siad a n‑olc - an Tiarna a labhraíonn - nach orthu féin go deimhin a dhéanann siad sin, á mearú féin?
20 Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”
21 Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Cuirigí bhur n‑ofrálacha loiscthe i gcionn bhur n‑íobairtí agus ithigí an fheoil ar fad.
22 Óir níor labhair mise ná níor thug mise aon ordú dóibh i dtaobh ofrálacha ná íobairtí an t‑am ar thug mé bhur n‑aithreacha as talamh na hÉigipte.