2 “Téigh agus seas i ngeata Theampall an Tiarna agus fógair an teachtaireacht seo. Abair: Éistigí le briathar an Tiarna, a fheara uile Iúdá, a thagann isteach sna geataí seo chun an Tiarna a adhradh.
3 Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha agus fanfaidh mise libh san áit seo.
4 Ná taobhaigí leis na briathra mealltacha seo: Seo é sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna!
5 Ach má leasaíonn sibh bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha, má chaitheann sibh go cothrom lena chéile,
6 gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin,
7 más ea, fanfaidh mise libh sa dúiche a thug mise anallód do bhur n‑aithreacha go brách.
8 Ach seo sibh ag cur muiníne i mbriathra mealltacha gan tairbhe.