22 Óir níor labhair mise ná níor thug mise aon ordú dóibh i dtaobh ofrálacha ná íobairtí an t‑am ar thug mé bhur n‑aithreacha as talamh na hÉigipte.
23 Is mar seo a d'ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh.
24 Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird orm; ach lean siad i gcomhairlí a ndrochchroí féin, dhiúltaigh aghaidh a thabhairt orm ach thug liom a gcúl.
25 Ón lá a tháinig bhur n‑aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe.
26 Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n‑aithreacha.
27 Ar an ábhar sin déarfaidh tú na briathra seo uile leo, ach ní éistfidh siad sin leat; gairfidh tú orthu, ach ní fhreagróidh siad thú.
28 Mar sin déarfaidh tú é seo leo: ‘Seo é an cine nach n‑umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D'éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal.