10 Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile,a bhfearainn do shealbhóirí nua,óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó,santaíonn sé an brabach mí-ionraic;an sagart agus an fáidh araon,cleachtaíonn siad caimiléireacht.
11 Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobailá rá: ‘Síocháin! Siocháin!’agus níl aon síocháin ann.
12 Náire ba chóir a bheith orthumar gheall ar a n‑imeachtaí gránna.Beag an baol! Níl ciall do náire acu,ní mó is féidir leo lasadh.Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile,titfidh siadsan freisin;teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu,a deir an Tiarna.
13 Ba mhaith liom dul a bhaint fómhair ann, a deir an Tiarna.Ach níl fíonchaora ar an bhfíniúin,ná figí ar an gcrann figíagus na duilleoga féin, tá siad feoite.Mar sin é óir thug mise sladairí orthule slad a dhéanamh orthu.”
14 Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingneagus faighimis bás iontu,mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn;tugann sé uisce nimhe dúinn le hól,óir pheacaíomar ina aghaidh.
15 Bhí súil againn le síocháin- ach níor tháinig maith ar bith,le haimsir shlánaithe, ach féach an scéin!
16 “Tá cuachaíl a n‑eachra le clos ó Dhán;creathnaíonn an tuath uilele fuaim sheitreach a staileanna.Tagann siad a mhilleadh na tíre agus a bhfuil inti,na mbailte agus gach a gconaíonn iontu.