16 “Tá cuachaíl a n‑eachra le clos ó Dhán;creathnaíonn an tuath uilele fuaim sheitreach a staileanna.Tagann siad a mhilleadh na tíre agus a bhfuil inti,na mbailte agus gach a gconaíonn iontu.
17 Is ea, cuirim chugaibh anoispéisteanna agus nathracha nimhenach ngéilleann d'orthaí;bainfidh siad greim asaibh -an Tiarna a labhraíonn - [a bheidh gan leigheas].”
18 Tá dólás orm, titeann mo chroí ionam.
19 Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamhó cheann ceann na tíre,“Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón?Nach bhfuil a Rí inti níos mó?”(Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirgelena n‑íola greanta,leis na náideanna iasachta seo?)
20 Chuaigh an fómhar tharainn,tá deireadh leis an samhradh,agus níor tugadh tarrtháil orainn!
21 Mar gheall ar ghortú iníon mo dhaoinetá mise gortaithe freisin,is dubhach liom mo shaol, beireann eagla greim orm.
22 Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád?Nach bhfuil aon lia ann?Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh,an leigheas seo iníon mo dhaoine?