19 Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamhó cheann ceann na tíre,“Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón?Nach bhfuil a Rí inti níos mó?”(Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirgelena n‑íola greanta,leis na náideanna iasachta seo?)
20 Chuaigh an fómhar tharainn,tá deireadh leis an samhradh,agus níor tugadh tarrtháil orainn!
21 Mar gheall ar ghortú iníon mo dhaoinetá mise gortaithe freisin,is dubhach liom mo shaol, beireann eagla greim orm.
22 Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád?Nach bhfuil aon lia ann?Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh,an leigheas seo iníon mo dhaoine?
23 Cé a dhéanfaidh foinse de mo cheann,agus de mo shúile tobar deor,a bhfuil de mhairbh as iníon mo dhaoine?