2 Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.
3 Agus béarfar bás de rogha ar bheatha leis an méid a bheidh fágtha den droch-mhuintir seo uile, cibé áit a ndíbreoidh mise iad, a deir Tiarna na Slua.
4 “Déarfaidh tú leo: Is mar seo a deir an Tiarna:Má thiteann tú, nach féidir leat éirí arís?má théann tú amú, nach bhféadann tú fílleadh athuair?
5 Cad chuige go leanann an pobal seo de bheith ag séanadh,i gcónaí ag séanadh?Leanann siad den seachrán agus diúltaíonn siad filleadh.
6 D'éist mise go haireach,níl an chaint cheart acu;ní dhearna aon duine aithrí ina olcá rá: ‘Céard tá déanta agam?’Mar a réabann an t‑each chun cathais mar sin a théann gach aon duine amú ag leanacht a chúrsa féin.
7 Fiú amháin an chorr bhán sa spéirbíonn fios a haimsire aici;comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas,am a dteachta.Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.
8 Nach dána an mhaise daoibh a rá: ‘Táimid críonna,agus is againn atá dlí an Tiarna’?Féach, cé mar a falsaíodh éle peann bréagach na scríobhaithe.