1 Nach trua gan bothán fear taistil agam san fhásach,
2 go bhfágfaidh mé mo phobal,go n‑imeoidh mé i bhfad uathu!Óir is adhaltranaigh iad uile,agus buíon daoine fealltacha.
3 Claonann siad a dteanga ar nós bogha;ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír;téann siad ó olc go holc.Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.
4 Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara;ná taobhaigh le do dheartháir,mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir,is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.
5 Meallann gach aon acu a chéile,ní labhraíonn siad an fhírinne.Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá,tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo.