10 Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha,agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh;óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann,ní chluintear níos mó géimneach na dtréad.Éanlaith an aeir agus na beithígh,theith siad araon, níl siad ann.
11 Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch,ina huaimh seacál,déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”
12 Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?
13 Dúirt an Tiarna: “Mar seo é, mar gur thréig siad mo dhlí a chuir mé rompu agus nár umhlaigh siad do mo ghuth agus nár lean é,
14 ach gur lean siad comhairlí a ndrochchroí féin i ndiaidh na mBálaím mar a mhúin a n‑aithreacha dóibh.
15 Mar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Anois beathóidh mé an pobal seo le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól.
16 Scaipfidh mé i measc ciníocha iad narbh aithnid dá n‑aithreacha ná dóibh féin; agus cuirfidh mé an claíomh ina ndiaidh go scriosfaidh mé iad.”