11 Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch,ina huaimh seacál,déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”
12 Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?
13 Dúirt an Tiarna: “Mar seo é, mar gur thréig siad mo dhlí a chuir mé rompu agus nár umhlaigh siad do mo ghuth agus nár lean é,
14 ach gur lean siad comhairlí a ndrochchroí féin i ndiaidh na mBálaím mar a mhúin a n‑aithreacha dóibh.
15 Mar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Anois beathóidh mé an pobal seo le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól.
16 Scaipfidh mé i measc ciníocha iad narbh aithnid dá n‑aithreacha ná dóibh féin; agus cuirfidh mé an claíomh ina ndiaidh go scriosfaidh mé iad.”
17 Seo mar a deir Tiarna na Slua:“Thusa ansin! Glaoigh ar na mná caointe! Tagaidís!Cuir fios ar na mná is fearr chuige! Tagaidís siúd!