21 Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog,agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis;ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid,na fir óga ar an bhfaiche.
22 Tá corpáin daoine ina luíamhail aoileach ar aghaidh an mhachaire,amhail punanna i ndiaidh an bhuanaí,agus ní chruinníonn aon duine iad.
23 Is mar seo a deir an Tiarna:“Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht,ná maíodh an fear cumasach as a chumas,ná an fear saibhir as a shaibhreas!
24 Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo:go dtuigeann agus go n‑aithníonn sé mise.Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh,le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht;sea, is iontu seo atá mo dhúil - an Tiarna a labhraíonn.”
25 “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus gearrfaidh mé pionós ar a bhfuil de dhaoine atá timpeallghearrtha san fheoil amháin:
26 An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.”