3 Claonann siad a dteanga ar nós bogha;ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír;téann siad ó olc go holc.Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.
4 Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara;ná taobhaigh le do dheartháir,mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir,is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.
5 Meallann gach aon acu a chéile,ní labhraíonn siad an fhírinne.Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá,tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo.
6 Leatrom ar muin leatroma! cealg ar muin ceilge!Diúltaíonn siad aithne a thabhairt don Tiarna.
7 Uime sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Féach, dearbhóidh mé anois iad sa soitheach leáite- nó céard eile a dhéanfaidh mé, mar gheall ar a n‑olcas?
8 Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach;‘Síocháin’, a deir duine ó bhéal lena chomharsaach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.
9 An é nach n‑agróidh mise na nithe seo orthu?- is é an Tiarna a labhraíonn -an é nach ndéanfaidh mise díoltasar a leithéid seo de náisiún?