1 Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.
2 Rugadh seachtar mac agus triúr iníonacha dó.
3 Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.
4 Bhí ghnáth lena chlann mhac dul agus fleá a bheith acu i dteach a chéile ar a n‑uain; agus chuiridís teachtairí chun a ndeirfiúracha le cuireadh dóibh chun bia agus deoch a chaitheamh leo.
5 Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d'éiríodh sé go moch ar maidin agus d'ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: “Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?” Mar sin a rinne Iób i gcónaí.