1 Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt sé:
2 Is ceannairceach mo chasaoid fós inniu,Cé go bhfuil mo lámh ag luí ar m'osnaíl.
3 Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é,Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh.
4 Chuirfinn mo chás in iúl os a chomhairAgus bheadh clab orm le hargóintí.
5 D'fhoghlaimeoinn gach focal cosanta a labhródh sé,Agus thuigfinn gach a ndéarfadh sé liom.
6 An rachadh sé chun aighnis liom le lán a chumais?Ní dhéanfadh! Níorbh fholáir dó éisteacht a thabhairt dom.
7 Is duine ionraic a bheadh ag argóint leisAgus bhuafainn mo chás go dearfa.
8 Féach! Má ghabhaim soir, níl sé ann;Nó siar, ní bhfaighim radharc air.
9 Má chuardaím thuaidh é, níl fáil air;Má chasaim ó dheas, ní fheicim é.
10 Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí,Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.
11 Lean mo chos go dlúth dá chéimeanna,Chloígh mé lena bhealach gan casadh i leataobh.
12 Níor chlaon mé ó aithne a bheola,Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.
13 Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo?Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.
14 Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom,Dála a lán beartas eile atá socair aige.
15 Uime sin, tá uafás orm ina láthair;Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe.
16 Scaip Dia mo mhisneach,Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.
17 Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air,Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé.