Iób 39 ABN

1 An eol duit conas a bheireann an gabhar sléibhe a mheannán?Ar thug tú faoi deara na heilití ag breith?

2 An eol duit an iomaí mí a bhíonn siad ag tórmach?An eol duit cathain a bheireann siad?

3 Cúbann siad chucu ag breith a laoAgus saolaítear a n‑óg dóibh [gan scáth san fhásach].

4 Nuair a bhíonn toirt agus neart sna laonna,Imíonn siad leo, gan filleadh ar ais orthu.

5 Cé a scaoil leis an asal fiáin?Cé a bhain an laincis den ghlamaire mear?

6 Thug mé an fásach dó mar dhúchas,Agus na machairí salainn mar áit lonnaithe.

7 Is beag air trácht na cathrach,Agus ní éisteann le glaonna tiománaí.

8 Na sléibhte raon an fhéaraigh a thaistealann sé,Agus is ansiúd a lorgann sé aon ní glas.

9 An bhfuil an damh allta sásta oibriú duit,Nó an oíche a chaitheamh ag do mhainséar?

10 An féidir duit é a cheangal sa scríob le téadaNó an ndéanfaidh sé an gleann a fhuirseadh i do dhiaidh?

11 An féidir duit a bheith ag brath air de bharr a nirt éachtaigh,Agus ligean dó do thromshaothar a dhéanamh?

12 An féidir duit a bheith ag brath air go bhfillfidh sé,Agus do ghrán a thabhairt chun d'urlár buailte?

13 An bhfuil aon dul ag sciathán na hostraiseAr chlúmh an chorr éisc agus an tseabhaic?

14 Óir ligeann sí a huibheacha uaithi ar an talamh,Agus fágann ansiúd le gor ag an gcré iad,

15 Gan cuimhneamh air go satlódh cos orthu,Nó go mbrúfadh ainmhí allta iad.

16 Is garg a bhíonn sí lena gearrcaigh, amhail is nár léi iad;Is cuma léi más saothar in aisce a saothar.

17 Óir rinne Dia ar bheagán céille í,Agus níor thug aon chuid di sa tuiscint.

18 Ach nuair a bhíonn sí ag breith chuici féin agus go mbaineann sí feidhm as a hairde,Is féidir di gáire faoin each agus a mharcach.

19 An tusa a thugann a chumas don each,Agus a chuireann an mhaing scuabach mar bhrat ar a mhuineál?

20 An tusa a chuireann ag léim é mar an dreoilín teaspaigh?- Nach mór an scanradh é a sheitreach maorga!

21 Bíonn sé ag crúbáil sa ghleann le bród as a neart.Téann sé i ngleo an chatha le pramsáil íogair.

22 Gáireann sé faoin scéin, gan mairg ar bith air;Ní thugann sé a chúl leis an gclaíomh.

23 Bíonn an bolgán saighead ag cleatráil ar a dhroim,Agus an tsleá lonrach, agus an ga.

24 Cuireann sé na mílte de go mear le fraoch is cufach;Nuair a shéidtear an stoc ní féidir cosc a chur leis.

25 Le gach séideadh den stoc, deir sé: “Hupsaí!”Faigheann sé boladh an chatha i bhfad i gcéin,Agus cloiseann liúireach na dtaoiseach agus an gheoin.

26 An le comhairle d'eagnasa a éiríonn an seabhac sa spéir,Agus a leathann sé a sciatháin don turas ó dheas?

27 An le hordú uaitse a eitlíonn an t‑iolar in airdeAgus a dhéanann sé a nead sna harda?

28 Lonnaíonn sé agus neadaíonn ar an gcarraig,I ndaingean clochach na haille.

29 Bíonn sé ag faire na seilge ón áit sin,Agus a shúile á spíonadh i bhfad uaidh.

30 Déanann a ghearrcach fuil a shúrac;Mar a mbíonn na corpáin, ansiúd a bhíonn sé.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42