Iób 20 ABN

Níl aon Eisceachtaí

1 Ansin d'fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt:

2 Tá fonn ar mo smaointe freagra a thabhairt ar an méid sin;Agus ní ionadh mé a bheith do mo shuaitheadh go mífhoighneach;

3 Is beag orm an teagasc a fuaireas,Ach thug spiorad as mo thuiscint freagra orm:

4 Is eol [dom] seo ó na cianta,Ó cuireadh an duine ar talamh:

5 Gur gearr í caithréim an urchóidigh,Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.

6 Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéirAgus go sroichfeadh a cheann na néalta,

7 Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha;Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: “Cá bhfuil sé?”

8 Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air.Imeoidh sé leis dála aisling oíche.

9 An tsúil a chonaic é, ní luífidh sí air a thuilleadh,Agus ní bhfaighfear radharc air níos mó ina áit dhúchais.

10 Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais,Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.

11 Tá lúth na hóige ag borradh ina chnámha,Ach luífidh sé leis sa chré

12 Ba mhilis é blas na hurchóide ina bhéal,Agus chuir sé i bhfolach í faoina theanga.

13 Níor mhian leis scaoileadh léiAch moill a chur uirthi ina bhéal.

14 Ach téann athrú ar a chuid bia ina ghoile,Déanann nimh nathrach de ina bholg.

15 An mhaoin a shlog sé, ní foláir dó í a aiseag;Déanfaidh Dia iad a dhíbirt as a bholg.

16 Déanann sé nimh nathrach a dhiúl;Is í teanga na nathrach nimhe a mharóidh é.

17 Ní fhéachfaidh sé ar aibhneacha ola,Ar shlaoda meala agus ime.

18 Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair;Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine.

19 Óir réab sé botháin na mbocht,Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin.

20 Níorbh fhéidir saint a chroí a shásamh,Agus anois [ní shábhálfaidh a thoice é].

21 Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla,Agus anois ní bheidh a chonách buan.

22 Luífidh an ghannchúis air agus flúirse ina thimpeall.Tiocfaidh gach sort anró sa mhullach air.

23 (Nuair a líon sé a bholg...)Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air,Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp.

24 Má theitheann sé ón arm iarainn,Aimseoidh an bogha cré-umha go paiteanta é.

25 Tiocfaidh an crann amach trína dhroim,Agus an rinn trí mháilín a dhomlais.Tá stór uafas i ndán dó.

26 Agus tá an dorchadas go léir ar a thí.Tá tine gan bhoilg lena alpadh;Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth.

27 Nochtfaidh na flaithis a urchóid,Agus éireoidh an talamh ina choinne.

28 Scuabfaidh díle a theach ar shiúl,Mar thuile lá na feirge.

29 Sin é cuid roinne an urchóidigh ó láimh DéAgus oidhreacht a uaille ó Dhia.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42