1 Fear a rugadh ó bhean,Nach raibh fad saoil aige ach mórchuid anró,
2 A eascrann mar bhláth agus a fheonn,Agus a imíonn mar scáil gan fanacht -
3 An ar a leithéid sin a leagann tú do shúilAgus a thugann tú le breith a thabhairt air os do chomhair?
4 Uch nach gcailltear an glanAr mhalairt slí leis an neamhghlan!
5 Ós rud é go bhfuil a laethanta ríofa,Agus líon a mhíonna ag brath ortsa,Agus a theorainn do-ghafa leagtha síos agat dó,
6 Ná féach ina threo, ach lig dó féin,Go gcomhlíona sé a lá dála an bhuachaill aimsire.
7 Bíonn dóchas ann i gcónaí do chrann,Má ghearrtar anuas é, cuirfidh sé bachlóga amach arís,Agus ní theipfidh a phéaca.
8 Fiú má théann a fhréamha in aois sa talamh,Agus go n‑éagfaidh a stocán sa talamh,
9 Péacfaidh sé le boladh an uisce,Agus eascróidh géaga as dála phlanda nua.
10 Ach téadh an duine in éag, agus fanann ina staic;Imíodh an dé as fear, agus cá bhfuil sé?
11 D'fhéadfadh uiscí na farraige dul ar ceal,An sruthán dul i ndísc agus i dtiormacht,Ach luíodh an duine san uaigh, agus ní éireoidh sé arís.
12 Go dté na spéartha ar ceal ní mhúsclóidh sé,Agus ní eireoidh sé as a chodladh.
13 Uch nach gcuireann tú i bhfolach mé i Seól!Agus mé a cheilt nó go dté d'fhearg thar bráid!Agus téarma cinnte a cheapadh dom, agus cuimhneamh orm!
14 Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís,D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir,Nó go ndéanfaí fóirithint orm.
15 Ghlaofá orm ansin, agus thabharfainn freagra ort,Agus bheifeá ag tnúth le radharc a fháil ar shaothar do lámh.
16 Óir dhéanfá mo chéimeanna a ríomhadhAgus ní bheifeá ag faire mo locht.
17 Bheadh mo choireanna faoi shéala i mála,Agus chuirfeá folach ar mo pheaca.
18 Mar a thiteann sliabh le fána,Agus a chorraítear carraig as a láthair,
19 Mar a chaitheann na huiscí na clocha,Mar a scuabann an tuile luaithreach na talún leis,- Sin mar a scriosann tú dóchas an duine.
20 Déanann tú é a threascairt go brách, agus imíonn sé leis;Cuireann tú athrú cló air, agus seolann tú uait é.
21 Baineann a chlann mhac onóir amach, ach is gan fhios dó é!Leagtar ar lár iad, ach ní eol dó sin.
22 Níl ag cur tinnis air ach a chorp féin,Níl d'ábhar olagóin ag a anam ach é féin.