Iób 35 ABN

Oirchill Dé

1 Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:

2 An dóigh leat gur chóir duitA rá: “Táimse fíréanta i láthair Dé”?

3 Agus ceist a chur air: “Cad é sin duitse?Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?”

4 Tabharfaidh mise freagra ort féinAgus ar do chairde chomh maith.

5 Féach suas chun na spéartha, agus feic;Spiúnaigh na néalta go hard os do chionn.

6 Má pheacaíonn tú, conas a sháraíonn tú é?Más líonmhar iad do chionta cén dochar a dhéanann tú dó?

7 Má bhíonn tú fíréanta, cad a bhronnann tú air?Agus cad a fhaigheann sé ó do láimh?

8 Do chomharsa a bhíonn thíos le d'urchóid,Agus is leis an duine daonna a bhaineann do dheabhearta.

9 Glaonn daoine os ard de bharr géarleanúintí,Agus bíonn siad ag cáiseamh de bharr forneart an tréin.

10 Ach ní deir aon duine: “Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir,An té a thugann fóirithint san oíche,

11 Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne.Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”

12 Glaonn siadsan, ach ní thugann sé freagra,De bharr dhíomas na n‑urchóideach.

13 Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar,Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara.

14 Deir tú: “Ní fheiceann sé mé;Tá mo chás curtha faoina bhraid, ach ní mór dom feitheamh fós!”

15 Nó: “Ní chuireann a fhearg pionós i bhfeidhm,Ná ní dhealraíonn sé gur eol dó ceannairc na ndaoine.”

16 Is le barr baoise a osclaíonn Iób a bhéal,Agus le teann aineolais a labhraíonn sé chomh fadálach sin.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42