Iób 11 ABN

Admhaíodh Iób Eagna Dé

1 Ansin d'fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt:

2 Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht?An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart?

3 An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost?An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú?

4 Agus an ndéarfaidh tú: “Is íon é mo theagasc,Agus an bhfuilim glan i do radharc?”

5 Uch nach labhródh DiaAgus a bhéal a oscailt chugat,

6 Agus rúin na heagna a nochtadh duit!Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaíAtá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.

7 An féidir duit teorainn Dé a shroicheadhNó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?

8 Is airde é ná na spéartha! - Cad tá ar do chumas?Is doimhne é ná Seól! - Cad tá ar eolas agat?

9 Is faide é a thomhas ná an domhan,Is fairsinge é ná an fharraige.

10 Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm,Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis?

11 Is eol dó a pheacúla atá an duine;Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi.

12 Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana;Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.

13 Má chuireann tú do chroí in ord,Agus do lámha a leathadh chun Dé -

14 Má bhíonn an t‑olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é,Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth -

15 Ansin ardóidh tú do cheann agus gan máchail air,Agus beidh tú daingean, gan eagla ort.

16 Déanfaidh tú dearmad de d'ainnise,Gan de chuimhne agat air ach mar an tuile a ghabh thart.

17 Beidh do shaol níos gile na meán lae,Agus déanfar láchan dá dhorchadas.

18 Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat;Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte.

19 Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort,Ach a lán ar thóir do ghnaoi.

20 Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta;Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu,Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42