Iób 37 ABN

1 Suaitheann sé seo mo chroí féin,Agus preabann sé anonn ionam.

2 Éist le glór a ghutha,Agus leis an tormán a thagann as a bhéal.

3 Scaoileann sé a thintreach ar feadh stua na spéire,Agus sroicheann sí go himeall na cruinne.

4 Búireann a ghuth ina diaidh,Agus torann maorga a thoirní.Ní chuireann sé srian lena [thintreach],Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh.

5 Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha,Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.

6 Óir deir sé leis an sneachta: “Tit ar an talamh!”Agus leis an tulca báistí: “Treise ort!”

7 Cuireann sé an clabhsúr ar shaothar gach duine,I dtreo gurb eol do chách a oibreacha.

8 Téann gach ainmhí ar ais ina bpluais,Agus i bhfolach ina bpruchóg.

9 Tagann an t‑anfa óna áras theas,Agus tugann an ghaoth aduaidh an fuacht léi.

10 Sí anáil Dé a thugann an leac oighir,Agus fágann sin na linnte lána téachta.

11 Cuireann sé an taise mar ualach ar na néalta;Agus scaipeann na scamaill toirní a thintreach.

12 Treoraíonn sé féin a gcúrsa timpeall,Agus stiúraíonn sé a n‑athruithe sa séasúr.Géilleann siad dá orduithe go beachtAr fud an domhain mhóir,

13 Cibé acu a [sheolann sé iad] d'fhonn ciníocha na cruinne a phionósú,Nó d'fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích.

14 Éist leis sin uile, a Iób!Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir!

15 An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú,Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh?

16 An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú,Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t‑iontas seo?

17 Tusa a mbíonn d'éadach te le do chneas,Agus an talamh ina chnap faoin ngaoth aneas,

18 An féidir leat cabhrú leis stua na spéire a leathadhAgus é chomh crua le scáthán de mhiotal leáite?

19 Múin dúinn cad tá le rá againnMar nach féidir dúinn ár gcás a chur in iúl toisc an dorchadais.

20 An gcuirfear in iúl gur mian liom labhairt?An ndéanfar duine a shlogadh nuair a labhróidh sé?

21 Téann an solas ar ceal ar uaireAr chúl na scamall dorcha;Ach tagann an ghaoth agus scuabann ar shiúl iad,

22 Agus leathann gile ón aird thuaidh.Tá maorgacht eaglach uime ag Dia;

23 Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn.Is éachtach é a chumhacht agus a chothroimeAgus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt.

24 Ní ionadh gurb eagal le daoine é,Agus go bhfuil urraim ag an muintir chiallmhar croí dó.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42