Iób 9 ABN

Cóir Dé i Reim

1 Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:

2 Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá;Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?

3 Dá mb'áil leis conspóid a dhéanamh leisNí fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.

4 Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart.Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?

5 Eisean a d'aistrigh na sléibhte gan fhios dóibh;Agus déanann sé iad a threascairt ina fhraoch.

6 Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad,Ionas go gcritheann a colúin go léir.

7 Eisean a thugann ordú don ghrian ionas nach n‑éiríonn sí,Agus a chuireann na réaltaí i bhfolach.

8 Eisean amháin a leath na spéartha amach,Agus a shatail ar thonnta na mara.

9 Eisean a rinne an Camchéachta agus Slat an Rí,An Treighdín agus Réaltaí Lána an Deiscirt.

10 Eisean a dhéanann éachtaí thar cuimseAgus iontais thar áireamh.

11 Féach! Gabhann sé tharam, agus ní fheicim é;Gluaiseann sé thar bráid, agus ní thugaim faoi deara é.

12 Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc?Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”?

13 Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloíAgus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.

14 Nach lú ná sin fós a d'fhéadfainnse freagra a thabhairt air,Agus mo bhriathra a roghnú ina aghaidh?

15 Fág go bhfuilim sa cheart, ní fhéadfainn freagra a thabhairt.Óir an té a chúisím, is é freisin is breitheamh.

16 Dá gcuirfinn toghairm air agus go bhfreagródh seisean mé,Ní chreidim go n‑éistfeadh sé le mo bhriathar.

17 Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,]Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.

18 Eisean nach ligeann dom anáil a tharraingtAgus a líonann mé le dobrón.

19 Más neart atá i gceist - siúd é an tUilechumhachtach!Más cúirt bhreithiúnais, cé dhéanfaidh é a sheirbheáil?

20 Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé;Dá mbeinn gan choir, d'áiteodh sé coir orm.

21 Mé a bheith neamhchiontach - ní bheadh a fhios sin agam.Chaithfinn uaim m'anam féin.

22 Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim:Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.

23 Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann,Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh.

24 Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach;Cuireann sé folach ar aghaidh a bhreithiúna.Nó murab eisean, cé heile?

25 Is mire mo laethanta ná teachtaire reatha;Teitheann siad, ní fheiceann siad aon sonas.

26 Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí,Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg.

27 Má deirim: “Déanfaidh mé dearmad de mo ghearán,Cuirfidh mé malairt cuntanóis orm féin, agus beidh mé gealgháireach”;

28 Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm,Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.

29 Is mise a dhaorfaí,Cad ab áil liom ag obair in aisce?

30 Dá nífinn mé féin le huisce sneachta,Agus mo lámha a ghlanadh le buac,

31 Ansin do thumfá mé sa cheachair,Agus ba ghráin le mo chuid éadaigh féin mé.

32 Óir ní fear é, mo dhála-sa, le go dtabharfainn freagra air,Agus go bpléifí ár gcúis le chéile.

33 Níl aon idirghabhálaí eadrainn,A leagfadh a lámh orainn araon.

34 Baineadh sé díom a shlat,Agus ná bíodh a scéin do mo sceonú;

35 Ach labhroidh mé ansin gan eagla roimhe,Ní mar sin a thaibhsím dom féin ar aon chor.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42