Iób 18 ABN

Ní Cabhair Fearg

1 Ansin d'fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:

2 An gcuirfidh tú srian go deo le do theanga?An gcaithfimid éisteacht, agus gan labhairt go pras?

3 Cén fáth nach bhfuil ach meas madra agat orainn,Agus gur cuma leat sinn nó [ainmhí éigiallda]

4 A stollann é féin le barr feirge?An gcaithfear an tír a bhánú ar do shonAgus an charraig a chur as a leaba?

5 Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh,Agus lasair a thine a dhul in éag.

6 Lagófar an solas ina bhothAgus múchfar an lampa os a chionn.

7 Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh,Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.

8 Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é,Agus siúlann sé i measc na sás.

9 Béarfaidh gaiste ar sháil airAgus greamóidh sé sa dol.

10 Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh,Agus gaiste roimhe ar an gcosán.

11 Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall,Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.

12 Beidh an gorta aige mar [pháirtí]Agus an mí-ádh go dlúth lena thaobh.

13 Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí,Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh.

14 Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte.Agus tabharfar é i láthair rí na n‑uafás.

15 Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon,Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas.

16 Seargfaidh a fhréamha laistíos,Agus feofaidh a chraobha lastuas.

17 Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal,Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche.

18 Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas,Agus ruaigfear as an saol é.

19 Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine,Ná comharba air ina áit chónaithe.

20 Cuirfidh a chríoch uafás ar an domhan thiar,Agus scéin ar an domhan thoir.

21 B'áit chónaithe choirpigh an áit seo go dearfa,Áitreabh duine nárbh eol dó Dia.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42