Iób 40 ABN

Dara hAitheasc an Tiarna

1 Ansin dúirt an Tiarna le Iób:

2 An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh?An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?

3 Ansin d'fhreagair Iób an Tiarna:

4 Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa?Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin.

5 Aon uair amháin a labhair mé, agus ní [labhróidh mé] athuair.Arís eile ní dhéanfaidh mé a thuilleadh.

6 Ansin d'fhreagair an Tiarna Iób as an anfa gaoithe agus dúirt:

7 Cuir do chrios faoi do choim go fearúil;Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí.

8 An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú,Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?

9 An bhfuil neart Dé i do láimhse,An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean?

10 Gabh chugat do dhínit agus do mhaorgacht más ea!Cuir umat do ghlóir is do loinnir!

11 Scaoil le fraoch d'fheirge,Ísligh gach uaibhreach le silleadh do shúl.

12 Treascair gach díomasach le silleadh do shúl,Agus leag ar lár na hurchóidigh ar an bhfód ina bhfuil siad.

13 Adhlaic le chéile sa chré iad,Agus iaigh sa charcair íochtarach iad, gan focal as a mbéal.

14 Beidh mise ar an gcéad duine ansin lena admháil,Gur féidir do do lámh dheas féin an bua a bhreith duit.

15 Féach Bahaemót! rinne mé é mar aon leat;Itheann sé féar mar an damh

16 Nach aige atá an neart ina leasracha,Agus an cumas i bhfeithleoga a bhoilg!

17 Tá a eireaball chomh teann le crann céadair,Agus tá féithleoga a cheathrúna go daingean le chéile.

18 Is cuma nó píopaí práis a chnámha,Agus is cuma a ghéaga nó sparaí iarainn.

19 Eisean sárshaothar Dé,Ach bhagair a chruthaitheoir an claíomh air,

20 Á chosc ó arda na sléibhte,Mar a mbíonn na hainmhithe allta go léir ag súgradh.

21 Luíonn sé dá bhrí sin faoin loiteog,Agus téann i bhfolach i measc ghiolcach an bhogaigh;

22 Faigheann sé scáth ó dhuilliúr na loiteoige,Agus fothain ó shaileoga an tsrutháin.

23 Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air.Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis.

24 Cé a bhéarfaidh air ina uachais,Nó a chuirfidh bacán ar a chaincín?

25 An féidir duit an Leiviatan a tharraingt amach ar dhubhán?Nó dorú a chur timpeall a theanga?

26 An féidir duit fáinne a chur ar a shrónNó dubhán a chur trína ghiall?

27 An ndéanfaidh sé mórchuid impí chugat?Nó an meallfaidh sé thú le bladar?

28 An ndéanfaidh sé margadh leatA bheith ina dhaor agat go brách?

29 An ndéanfaidh tú peata de mar a dhéanfá d'éanNó é a chur ar iall do do chailíní?

30 An ndéanfaidh na cumainn iascairí é a dhíolAgus ansin é a roinnt ar na ceannaitheoirí?

31 An ndéanfaidh tú a sheithe a chlúdach le bacáin,Nó a cheann le gathanna?

32 Ní gá duit ach baint leis,Agus ní dhéanfaidh tú dearmad ar a chomhrac, ná dul sa seans arís.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42